TÁSTÁIL TEOIRICE TIOMÁNA OIFIGIÚIL AN RSA

Ceisteanna Coitianta (CCanna)

Ceisteanna Coitianta

Do Thástáil a Chur in Áirithe

Féadfaidh duine atá dícháilithe tástáil teoirice tiomána a dhéanamh do chatagóirí AM nó BW. Ní fhéadfaidh daoine atá ag iarraidh tástáil a dhéanamh sna catagóirí níos airde (Trucail, Bus, CPC, ADI) an tástáil a dhéanamh ach nuair atá ceadúnas tiomána bailí acu i gcatagóir B agus, dá réir sin, ní féidir leo an tástáil a dhéanamh nuair atá siad dícháilithe.

Maidir le daoine ar éirigh leo pas a fháil sa tástáil teoirice i gcatagóirí AM nó BW le linn dóibh a bheith dícháilithe d'fhéadfaí go nglacfaí ina dhiaidh sin leis an deimhniú má chuirtear é ar fáil laistigh den tréimhse bhailíochta agus i dteannta le hiarratas bailí ar cheadúnas foghlaimeora.

Má theastaíonn tuilleadh soiléirithe uait tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin RSA.

Tá cúig chatagóir ar leith den Tástáil Teoirice Tiomána ann:

CATAGÓIRAINM AN SCRÚDAITHECATAGÓIR CEADÚNAS FOGHLAIMEORA/CEADÚNAS TIOMÁNA FAOI SEACH
AMTástáil Teoirice Gluaisrothair/MóipéideA, A1, A2 agus AM
BWCar/Tractor & Work Vehicles Theory TestB, BE agus W
CTástáil Teoirice TrucaileC, CE, C1 agus C1E
DTástáil Teoirice BusD, DE, D1 agus D1E
CDBus & Truck Theory Test

Tá breis is 40 láthair ar fud Phoblacht na hÉireann inar féidir an Tástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh. Is féidir leat an tIonad Tástála a oireann duit a roghnú. Tabhair faoi deara nach gá go mbeadh na hamanna coinne céanna ar fáil sna hIonaid Tástála ar fad.

Beidh tú in ann d'ionad tástála a roghnú agus na hamanna coinne atá ann faoi láthair a sheiceáil tríd an tseirbhís áirithinte ar líne.

Tá na táillí oifigiúla don Tástáil Teoirice Tiomána mionsonraithe ar an leathanach áirithinte ábhartha – roghnaigh do chineál tástála le do thoil ón Leathanach Áirithinte.

Is iad na modhanna íocaíochta a nglactar leo do gach Catagóir den Tástáil Teoirice Tiomána ná Mastercard, cárta creidmheasa agus dochair Visa, cárta Revolut agus seic nó ordú poist.

Tá Tástálacha Teoirice le haghaidh Chatagóirí Feithiclí A, B, C & D ar fáil trí Ghaeilge. Ní bheidh an Tástáil Teoirice nua C & D in éineacht, an Tástáil don Mhodúl Bus agus an Tástáil don Mhodúl Trucaile ar fáil ach trí Bhéarla go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Taispeántar ainmneacha Chatagóir tástála A, B, C & D i mBéarla agus i nGaeilge i rith an phróisis sceidealaithe – má thaispeántar i nGaeilge iad is trí Ghaeilge a chuirfear an tástáil ar fáil.

Do Thástáil a Athrú

Is féidir d’áirithint a ath-sceidealú nó a chealú saor in aisce ar choinníoll go ndéantar an t-iarratas 7 lá féilire roimh dháta do thástála.

Is féidir leat d’am coinne a ath-sceidealú laistigh de 6 lá oibre ó dháta do choinne, ach gearrfar táille riaracháin ort de 50% den táille scrúdaithe bhunaidh. Ní féidir coinne a ath-sceidealú ar an lá céanna le do choinne sceidealaithe.

Is féidir leat do choinne a chealú laistigh de 3-6 lá oibre roimh dháta do choinne, ach gearrfar táille riaracháin ort de 50% den táille scrúdaithe bhunaidh. Cuirfear an t-iarmhéid chun sochair go dtí an chárta a d'úsáid tú don íocaíocht bhunaidh. Mura gcuireann tú do choinne ar ceal 0-2 roimh do thástáil ní bhfaighidh tú aon aisíocaíocht.

Cuir glaoch ar ár bhFoireann Seirbhísí d’Iarrthóirí ar 0818 606 106 (ráta Ísealghlao) ó Luan go hAoine ó 8am go 6pm nó ar líne ag Athsceidealú nó Cealaigh do Thástáil.

Mura n-éiríonn leat an tIonad Tástála a bhaint amach in am do do choinne tástála, nó má chealaíonn tú do thástáil níos lú ná 5 lá gnó (3 lá gnó iomlána ina measc) roimh dháta do thástála, ní bhfaighidh tú táille do thástála ar ais.

Do Thástáil a Dhéanamh

Iarraimid ort teacht 30 nóiméad roimh am do thástála le go mbeidh tú in ann clárú isteach.

Ar dtús, déanfaidh foireann an Ionaid Tástála seiceáil an bhfuil an tAitheantas (ID) riachtanach agat.

Déanfar scanadh ar do chárta aitheantais ar chúiseanna slándála. Má ndiúltaíonn tú don scanadh aitheantais, ní cheadófar duit an tástáil a dhéanamh.

Tabhair faoi deara mura dtugann tú an t-aitheantas riachtanach leat nó má tá tú déanach le haghaidh do choinne, ní cheadófar duit do thástáil a dhéanamh agus ní bhfaighidh tú táille do thástála ar ais.

Ansin, síneoidh tú isteach agus míneoidh Riarthóir Ionad Tástála (TCA) na nósanna imeachta duit agus conas a oibríonn an tástáil. Ansin tabharfar chomh fada leis an stáisiún oibre thú agus déanfaidh tú do thástáil.

Le linn do phróisis seiceáil isteach, déantar faireachán slándála chun aon ghléasanna soghluaiste nó Bluetooth a bhrath. D’fhéadfaí a iarraidh ort do bhrístí nó do mhuinchillí a rolladh suas nó do phócaí a chasadh amach.

Déanfar seiceáil críochnúil ar do aitheantas le haghaidh cruinneas agus bailíocht. Déanfar scanadh ar do aitheantas ar chúiseanna slándála. Má ndiúltaíonn tú don scanadh aitheantais, ní cheadófar duit an tástáil a dhéanamh.

Laistigh den seomra tástála déantar monatóireacht agus taifeadadh ar do sheisiún tástála.

Tá Tástálacha Teoirice le haghaidh Chatagóirí Feithiclí A, B, C & D ar fáil trí Ghaeilge.

Beidh méid sonrach ama agus líon sonrach ceisteanna ann ag brath ar chatagóir do Thástála Teoirice Tiomána. Roghnaítear na ceisteanna go randamach ón mbailiúchán ceisteanna do ranna ábhartha na tástála.

CATAGÓIRAMCEISTEANNAPASMHARC
AM nó BW45 nóiméad4035
C nó D120 nóiméad10074
CD180 nóiméad140104
Tástáil an Mhodúil Bus45 nóiméad4030
Tástáil an Mhodúil Trucaile45 nóiméad4030

Is féidir leat ceisteanna a fhágáil nó a mharcáil agus filleadh orthu arís am ar bith laistigh den méid ama atá agat chun do thástáil a dhéanamh.

Is féidir. Tá bealach simplí ann chun do fhreagra a chealú agus freagra eile a roghnú.

Ní bheidh – mar chuid den tástáil tabharfar rogha duit seisiún cleachtaidh a dhéanamh ionas go mbeidh a fhios agat conas a oibríonn an tástáil. Má bhíonn aon rud ag déanamh imní díot nó má bhíonn fadhb ar bith agat beidh ár bhfoireann oilte in ann cabhrú leat.

Glacann an Tástáil Teoirice Tiomána go dáiríre le haon iarracht caimiléireachta a dhéanann iarrthóir.

Tá Prometric Ireland Ltd. fostaithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun an Tástáil Teoirice Tiomána a reáchtáil i dtimpeallacht shlán, chun iontaofacht na tástála a chosaint agus chun deis chóir agus chothrom a thabhairt do gach iarrthóir a dhéanann an tástáil. Cuirtear aon iarracht an timpeallacht shlán agus chothrom seo a shárú in iúl don Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre láithreach.

Má tharlaíonn eachtra caimiléireachta, déanfar é a athbhreithniú de réir an cháis. De bhun an athbhreithnithe seo, d'fhéadfaí tréimhse neamhthástála a chur i bhfeidhm i gcás iarrthóra. I rith na tréimhse seo, ní cheadaítear don iarrthóir Tástáil Teoirice Tiomána a chur in áirithe nó a dhéanamh.

Cuirfear in iúl don iarrthóir i scríbhinn má tá tréimhse neamhthástála le cur i bhfeidhm agus fad na tréimhse seo. Ar deireadh, is mian linn a mheabhrú duit chomh maith go mbíonn monatóireacht físeáin agus fuaime á déanamh san Ionad Tástála an t-am ar fad.

Cuirtear uastréimhse neamhthástála 3 mhí, ón dáta a ndearna an t-iarrthóir an chaimiléireacht, i bhfeidhm ar iarrthóirí a bhí i mbun caimiléireachta.

Is féidir leat do thástáil a chríochnú am ar bith a oireann duit.

Torthaí Tástála

Ag deireadh do scrúdaithe taispeánfar toradh pas nó teip ar an scáileán. Seolfar nasc chugat freisin chun do thuairisc scóir a fheiceáil tríd an ríomhphost a sholáthair tú le linn d’áirithinte. Taispeánfaidh an tuarascáil seo na réimsí catagóire sonracha inar fhreagair tú ceisteanna i gceart nó mícheart.

Beidh do thuairisc scóir ar fáil duit le breathnú uirthi agus le priontáil tríd an nasc a gheobhaidh tú trí ríomhphost tar éis do scrúdú a bheith críochnaithe. Seolfar an tuarascáil seo chuig an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil le linn d’áirithinte.

Is féidir leat do thuairisc scóir a fheiceáil freisin ag Prometric – Cuardach Tuairiscí trí d’uimhir Dheimhnithe agus d’Ainm Sloinne a iontráil.

Tá ordú "aicint" agus "síneadh fada" araon ar mhéarchlár/gléas cliste atá códaithe ar bhealaí difriúla ach a bhfuil cuma chéanna orthu d'úsáideoir. Má úsáidtear ceann amháin sa phróiseas clárúcháin agus an ceann eile ansin chun an tuarascáil scóir ar líne a chuardach, beidh mí-oiriúnacht ann. Cinntigh le do thoil go n-úsáideann tú an leagan ceart de aicint nó de "síneadh fada" agus tú ag clárú agus agus tú ag iarraidh an leagan ar líne de do thuairisc scóir a chuardach.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne anois ar do Chead Foghlaimeora ag an na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána Suíomh Gréasáin (NDLS). Ní ​​gá foirmeacha páipéir a chomhlánú, coinní a chur in áirithe ná freastal ar ionad NDLS. Níl uait ach do Chárta Seirbhísí Poiblí agus do MyGovID fíoraithe. Read more about NDLS Online.

Is féidir leat athscór do Thástála Teoirice Tiomána a iarraidh trí ghlaoch ar 0818 606 106 (ráta Ísealghlao) chun labhairt lenár bhFoireann Seirbhíse d’Iarrthóirí atá ar fáil Luan go hAoine ó 8am go 6pm (gan laethanta saoire poiblí san áireamh).

Iarrfaí ort foirm athscóra a líonadh a bhféadfadh leat a chur ar ais chugainn trí ríomhphoist. Tabhair faoi deara le do thoil nach mór duit an achomharc a iarradh lasitigh de 10 lá tar éis do scrúdú.

Cosnaíonn an próiseas seo €15.00. Modhanna íocaíochta inghlactha: Seic nó ordú poist iníoctha chuig Prometric Ireland.

We do not provide feedback on individual questions that you answer incorrectly because those exact questions are unlikely to appear in your next Driver Theory Test.

To ensure fairness and maintain the integrity of the assessment, you are encouraged to revise the full range of material rather than focusing on isolated items.

The question bank contains a large number of items, and providing question-level feedback could result in you concentrating only on the questions you previously answered incorrectly. The purpose of the Driver Theory Test is to demonstrate a comprehensive understanding of all required knowledge areas.

Moltar go láidir fanacht 3 lá gnó iomlána ar a laghad sula ndéanann tú do thástáil arís chun am a thabhairt duit athbhreithniú a dhéanamh.

Tá Deimhniú do Thástála Teoirice Tiomána bailí le haghaidh 2 bhliain ó dháta do thástála.

Mura bhfuil iarratas curtha agat chuig ceann d'ionaid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS) chun do chéad cheadúnas foghlaimeora a fháil laistigh de 2 bhliain ó do thástáil a dhéanamh, beidh ort an tástáil a dhéanamh arís agus íoc as arís.

Eolas Breise

Má tá d’ainm mícheart curtha in áirithe agat, beidh ort é seo a nuashonrú nó ní bheidh tú in ann an tástáil a dhéanamh agus caillfidh tú do tháille tástála iomlán.

Is féidir d’ainm a nuashonrú saor in aisce roimh dháta do thástála, ach má bhíonn gá leis an nuashonrú ar lá do thástála, gearrfar táille €15 ort.

Déan athbhreithniú ar d’áirithint agus má tá aon athruithe ag teastáil, déan teagmháil linn ar 0818 606 106.

Tabhair faoi Deara: níl ach tiománaithe a fuair pas sa Tástáil Teoirice Iomlán Chatagóir C (Trucail) nó Chatagóir D (Bus) ar nó i ndiaidh an 30 Meán Fómhair, 2014, incháilithe chun Tástáil Teoirice an Mhodúil Bus nó Trucaile a dhéanamh.

Is féidir na tástálacha seo a dhéanamh le cois na Tástála Teoirice Bus iomláine nó na Tástála Teoirice Trucaile iomláine.

Mar shampla; nuair a dhéanann iarrthóir an Tástáil Teoirice Tiomána Bus agus nuair a fhaigheann sé pas sa Tástáil, tugtar Deimhniú Tástála Teoirice Tiomána dó i ndáil le bus a thiomáint, mar aon leis an gcéad chuid den Deimhniú um Inniúlacht Ghairmiúil (CPC).

Má chinneann an t-iarrthóir, laistigh de dhá bhliain ó phas a fháil sa Tástáil Teoirice Tiomána Bus iomlán, gur mhaith leis a bheith in ann trucail a thiomáint freisin, is féidir leis Tástáil Teoirice an Mhodúil Trucaile a dhéanamh, rud a chiallaíonn nach gá dó an Tástáil Teoirice Tiomána Trucaile iomlán a dhéanamh.

Má chinneann an t-iarrthóir, áfach, gur mhaith leis a bheith in ann trucail a thiomáint dhá bhliain i ndiaidh dó an Tástáil Teoirice Bus a dhéanamh an chéad uair, rachaidh an díolúine seo in éag agus beidh air an Tástáil Teoirice Trucaile iomlán a dhéanamh, mar a dhéantar de ghnáth.

Chun do Thástáil Modúil Bus a chur in áirithe, glaoigh ar ár bhFoireann Seirbhísí d’Iarrthóirí ar 0818 606 106 (ráta Ísealghlao) ó Luan go hAoine ó 8am go 6pm.

Ní mór duit pas a fháil sa Tástáil Teoirice Tiomána má tá do chéad cheadúnas foghlaimeora / ceadúnas sealadach agat i gcatagóir ar leith.

Ní mór duit d'iarratas a chur chuig ceann d'ionaid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS) agus do dheimhniú Tástála Teoirice Tiomána don chatagóir a bhfuil iarratas á déanamh agat uirthi a chur ar fáil.

Tá seirbhís na Tástála Teoirice Tiomána Oifigiúil á reáchtáil ag Prometric Ireland Ltd. thar ceann an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Tá roghanna éagsúla ann chun freastal ar iarrthóirí a bhféadfadh cúnamh speisialta a bheith ag teastáil uathu chun a dtástáil a dhéanamh.

Mar shampla, tá rogha ghuthaithe á tairiscint ina léitear amach na ceisteanna agus na freagraí don iarrthóir agus úsáid á baint as cluasáin; tugtar am breise don iarrthóir chun an tástáil a dhéanamh; tá seirbhís taifeadáin léitheora á tairiscint againn freisin, a chiallaíonn go mbíonn na ceisteanna agus na freagraí á léamh ag ball foirne don iarrthóir agus go mbíonn na freagraí á dtaifeadadh ar an scáileán.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach le do thoil Cúnamh/Tacaíocht Lá na Tástála.

Chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora BE ní mór ceadúnas tiomána iomlán reatha de chatagóir B a bheith agat. Déantar Tástálacha Teoirice do charr (Catagóir B) agus do charr agus leantóir (Catagóir BE) a ghrúpáil le chéile chun críocha Tástála Teoirice.

Mura ndearna tú ach an Tástáil Teoirice a dhéanamh do do cheadúnas foghlaimeora catagóir B ar an 25 Aibreán 2001 nó tar éis, ní gá duit an Tástáil Teoirice a dhéanamh agus tú ag déanamh iarratais ar cheadúnas foghlaimeora do charr agus leantóir (Catagóir BE).

Mar sin féin, má rinne tú iarratas ar do chéad cheadúnas foghlaimeora de chatagóir B sular tugadh isteach an Tástáil Teoirice ar an 25 Aibreán 2001, ní mór duit Tástáil Teoirice a chríochnú anois sula ndéanann tú iarratas ar cheadúnas foghlaimeora de chatagóir BE.

Ar mhaithe le timpeallacht tástála chiúin agus ghairmiúil a chur ar fáil do gach iarrthóir, iarraimid ar gach iarrthóir ar an Tástáil Teoirice Tiomána iad féin a iompar ar bhealach atá measúil agus cuí nuair a bhíonn siad ag freastal ar an Ionad Tástála. Ní ghlacfar le hiompraíocht mhaslach nó fhrithshóisialta sna hIonaid Tástála.

Má tá iompraíocht iarrthóir Tástála Teoirice Tiomána míshásúil, d'fhéadfadh nach dtabharfaí cead don iarrthóir an tástáil a dhéanamh agus d'fhéadfaí go n-iarrfaí ar an iarrthóir an tIonad Tástála a fhágáil. Déanfar teagmháil leis na Gardaí más gá.

Má tharlaíonn eachtra d'iompraíocht mhaslach agus/nó fhrithshóisialta, déanfar athbhreithniú de réir an cháis. De bhun an athbhreithnithe seo, d'fhéadfaí tréimhse neamhthástála a chur i bhfeidhm i gcás iarrthóra. I rith na tréimhse seo, ní cheadaítear don iarrthóir Tástáil Teoirice Tiomána a chur in áirithe nó a dhéanamh. Cuirfear in iúl don iarrthóir i scríbhinn má tá tréimhse neamhthástála le cur i bhfeidhm agus fad na tréimhse seo.

Ar deireadh, is mian linn a mheabhrú duit chomh maith go mbíonn monatóireacht físeáin agus fuaime á déanamh san Ionad Tástála an t-am ar fad.

D'fhéadfaí uastréimhse neamhthástála 3 mhí ón dáta tástála a chur i bhfeidhm i gcás iarrthóirí atá páirteach in iompraíocht fhrithshóisialta.

Tá na sonraí ar fad faoi phróiseas sealbhaithe an cheadúnais CPC Tiománaí le fáil ar shuíomh gréasáin Aonad CPC an RSA.

Má rinne tú agus má d’éirigh leat i do Thástáil Teoirice BW is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar do Chead Foghlaimeora ag NDLS.ie.

Is féidir le tiománaithe seirbhísí éigeandála ainmnithe a oibríonn do na heagraíochtaí seo a leanas a chruthaíonn Painéal ESDS (a raibh baint acu le forbairt an chaighdeáin) an Tástáil Teoirice ESDS dhéanamh:

  • Cosaint Shibhialta
  • Garda Cósta na hÉireann
  • Óglaigh na hÉireann
  • An Garda Síochána
  • Seirbhís Náisiúnta Otharcharranna Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil
  • Cumann na bPríomh-Oifigeach Dóiteáin
  • An Stiúrthóireacht Náisiúnta Bainistíochta Dóiteáin agus Éigeandála
  • Seirbhís Phríosúin na hÉireann

Is é atá mar aidhm leis an tástáil an leibhéal cuí ESDS a scrúdú. Chun ullmhú do do Thástáil Teoirice ESDS, tá liosta léitheoireachta molta ag an RSA, a bhfuil sonraí ina leith le fáil thíos.

  • Lámhleabhar Treorach ESDS
  • Siollabas ESDS
  • Rialacha an Bhóthair
  • Treoirlínte RSA um Fholláine Sláinte chun Tiomáint
  • Foghlaim Conas Carr a Thiomáint RSA
  • Treoir RSA – An Bóthar a Roinnt le Feithiclí Seirbhísí Éigeandála
  • Foghlaim Conas Trucail a Thiomáint RSA
  • Leabhrán Eolais ESDS
  • Creat Inniúlachta ESDS
  • Foghlaim conas bus a thiomáint RSA
  • Treoir ESDS do Thiománaithe
  • Lámhleabhar Oiliúnóirí ESDS
  • Treoirlínte um Fhreagairt Oirbheartaíoch ESDS
  • Ródaí

Tá na sonraí ar fad le fáil ar roinn ESDS shuíomh gréasáin an RSA.

When You Must Take a Driver Theory Test Again – Categories (BW) & (AM)

From 1st November 2026, you will need to take a Driver Theory Test again if any of the following apply:

  1. You have not taken a driving test in the previous 2 years when applying for a third or fourth learner permit.
  2. You have already held four learner permits, there will be no fifth permit allowed (unless you were medically restricted).
  3. Your learner permit has been expired for 2 years or more.

Summary by Permit Number

  • 3rd Permit: you can only renew if you have taken a driving test in the past 2 years — otherwise, you take a Driver Theory Test again.
  • 4th Permit: same rule applies, you must have taken a test in the last 2 years; this permit will only last 1 year.
  • After 4 Permits (around 7 years total): you cannot renew and must take a Driver Theory Test Again.

For more information please visit the RSA and NDLS websites at the following links: