CINNTIGH GO DTUIGEANN TÚ AGUS CUIR IN ÁIRITHE DO

Tástáil Teoirice Tiomána-Bus nó Trucail

Cuir do Thástáil Teoirice Tiomána in áirithe: Bus nó Trucail

Is muide an t-aon soláthraí d'ábhair oifigiúla athbhreithnithe atá faofa ag an RSA.

Is é an seans is fearr atá agat pas a fháil den chéad uair ná na hábhair athbhreithnithe oifigiúla a úsáid!

Please be advised that it is your responsibility to book the correct Theory Test category as this cannot be changed at the Test Centre or when sitting your Test online.

Láithreacha na nIonad Tástála

Tá breis is daichead láthair ar fud Phoblacht na hÉireann inar féidir an Tástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh. Is féidir leat an tIonad Tástála a oireann duit a roghnú. 

Tabhair faoi deara nach gá go mbeadh na hamanna coinne céanna ar fáil sna hIonaid Tástála ar fad – beidh tú in ann d'Ionad Tástála féin a roghnú agus féachaint ar na hamanna coinne atá ar fáil ann faoi láthair tríd an tseirbhís áirithinte ar líne.

Féach ar liosta iomlán de láithreacha agus seoltaí na nIonad Tástála: Léarscáil de Láithreacha Ionaid Tástála DTT (PDF, 3mb).

Má theastaíonn cúnamh uait nó roghanna saoráidí teanga déan tagairt le do thoil dár Cúnamh/Tacaíocht Lá na Tástála .

Tabhair faoi deara, mura dtugann tú aitheantas ceart leat nach mbeidh tú in ann an tástáil a dhéanamh agus nach bhfaighidh tú táille do thástála ar ais. Iarraimid ort teacht 30 nóiméad roimh am do thástála le go mbeidh tú in ann clárú isteach.

Ní ghlacfaimid ach le ceann amháin de na cineálacha aitheantais seo a leanas (Cóip chrua amháin - níl fótachóip/pictiúir aitheantais inghlactha):

  • Cárta Seirbhisí Poiblí (le grianghraf)
  • Pas (bailí fá choinne taisteal idirnáisiúnta amháin nó uasmhéid de dhá mhí déag as feidhm)
  • Cárta Pas Éireannach (atá dóigh mhaith air)
  • Cárta Aitheantais Náisiúnta ó Bhallstáit AE/LEE nó ón Eilvéis
  • Ceadúnas foghlaimeora Éireannach catagóir B (Carr) nó catagóir A (Gluaisrothar) nó Láncheadúnas tiomána (bailí agus i riocht maith - bain úsáid as,le do thoil, an leathanach oifigiúil NDLS seo chun bailíocht do Cheadúnais nó Cead Foghlaimeora a sheiceáil)
  • Doiciméad Taistil Éireannach (le haghaidh tuilleadh eolais féach an Láithreán Gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh)
  • Ceadúnas tiomána reatha Úcráin

Catagóir Tástála C & D

Chomh maith leis an riachtanas aitheantais a bhfuil sonraí ina leith thuasluaite, ní mór d'iarrthóirí ar Chatagóir Tástála Bus (D) & Trucaile (C) an méid seo a leanas a thabhairt leo freisin:

  • Ceadúnas Tiomána Éireannach iomlán reatha de Chatagóir B (nó ceann ó bhallstát den AE/LEE nó ón Eilvéis nó ón Úcráin)

  • Ceadúnas Foghlaimeora Éireannach reatha Chatagóir C nó D (más infheidhme)
  • Ceadúnas Tiomána Éireannach iomlán reatha de Chatagóir C nó D (nó ceann ó bhallstát den AE/LEE nó ón Eilvéis nó ón Úcráin) (más infheidhme)
  • Cinntigh go leanann tú na treoracha go beacht nuair a bhíonn do chuid sonraí á n-iontráil agat i rith an phróisis áirithinte.
  • Ní mór duit a chinntiú go n-úsáideann tú d'ainm iomlán mar atá le feiceáil ar d'Aitheantas nuair a bhíonn do thástáil á cur in áirithe agat.
  • Ní mór go mbeadh litriú an ainm ar an aitheantas lena bhfuil do thástáil á cur in áirithe agat cosúil leis an litriú ar d'ainm ar an Aitheantas a chuirfidh tú ar fáil san ionad tástála.
  • Ní mór do gach iarrthóir a Aitheantas a chur ar fáil le roinnt catagóirí tástála a dteastaíonn breis ID lena n-aghaidh, féach ar Chéim 3: Seiceáil Riachtanais ID
  • Má theastaíonn Cúnamh nó roghanna áiseanna teanga uait, féach ar an roinn dar teideal Cúnamh/Tacaíocht Lá na Tástála .
  • Tabhair faoi deara: Ní mór d’iarrthóirí a scrúdú a sceidealú ag baint úsáide as seoladh Éireannach. Ní cheadófar d’iarrthóirí a bhfuil a scrúdú sceidealaithe acu ag baint úsáide as seoladh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann an tástáil a dhéanamh agus caillfidh siad a dtáille. (Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Foghlaimeora Éireannach nó ar Cheadúnas Tiomána, ní mór d’iarrthóirí cruthúnas ar sheoladh i bPoblacht na hÉireann a sholáthar).
  • Tabhair faoi deara: Mar chuid den tseiceáil isteach slándála, beidh ort roinnt faisnéise pearsanta a fhíorú. Ní bheidh tú in ann tástáil a dhéanamh mura féidir an fhaisnéis seo a sholáthar go cruinn.

Nuair a bheidh na céimeanna atá riachtanach chun do Thástáil Teoirice Tiomána a sceidealú léite go cúramach agat, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus do thástáil a chur in áirithe i bhfíor-am agus deimhniú a fháil láithreach ar an scáileán agus ar ríomhphost/i litir.

Riachtanas cead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána:

Ní mór duit a bheith in ann a chruthú go bhfuil d’áit bhreithe nó do náisiúntacht laistigh den Aontas Eorpach / den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch / den Eilvéis / den Ríocht Aontaithe / de Thuaisceart Éireann, nó go bhfuil cead fanachta agat in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ar cheadúnas tiomána.

Léigh liosta iomlán na ndoiciméad ar féidir glacadh leo mar fhianaise ar chead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.

Cad iad na costais?

Ainm Scrúdú na Tástála Teoirice Tiomána (DTT)Táille Tástála
C (Trucail) €72.00
D (Bus) €72.00
CD (Trucail agus Bus le chéile) €84.00

Cuir do Thástáil Teoirice Tiomána in áirithe: Bus nó Trucail