TÁSTÁIL TEOIRICE TIOMÁNA OIFIGIÚIL AN RSA
Riachtanais Aitheantais
Cad iad na Riachtanais Aitheantais le haghaidh Tástálacha Teoiricie Tiomána?
Caithfidh an t-ainm ar d'aitheantas a bheith díreach mar an gcéanna leis an ainm ar d'áirithint.
Iarraimid ort teacht 30 nóiméad roimh am do thástála le go mbeidh deis agat clárú isteach. Ní ghlacfaimid ach le le ceann amháin de na cineálacha aitheantais seo a leanas (Cóip chrua amháin - níl fótachóip/pictiúir aitheantais inghlactha):
Gach Catagóir Tástála
- Cárta Seirbhisí Poiblí (le grianghraf)
- Pas (bailí fá choinne taisteal idirnáisiúnta amháin nó uasmhéid de dhá mhí déag as feidhm)
- Cárta Pas Éireannach (bailí fá choinne taisteal idirnáisiúnta, nach bhfuil caite agus atá dóigh mhaith air)
- Cárta Aitheantais Náisiúnta ó Bhallstáit AE/LEE nó ón Eilvéis
- Ceadúnas foghlaimeora Éireannach catagóir B (Carr) nó catagóir A (Gluaisrothar) nó Láncheadúnas tiomána (bailí agus i riocht maith).
- Doiciméad Taistil Éireannach (le haghaidh tuilleadh eolais féach an Láithreán Gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh)
- Ceadúnas tiomána reatha Úcráin
Riachtanas teidlíochta cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Foghlaimeora nó ar Cheadúnas Tiomána
Ní mór duit a bheith in ann a chruthú go bhfuil d’áit bhreithe nó do náisiúntacht laistigh den Aontas Eorpach / den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch / den Eilvéis / den Ríocht Aontaithe / de Thuaisceart Éireann, nó go bhfuil cead fanachta agat in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ar cheadúnas tiomána.
Léigh full list of documents which can be accepted as evidence of residency entitlement to apply for a learner permit or driving licence.
Catagóir Tástála C & D
Chomh maith leis an riachtanas aitheantais a bhfuil sonraí ina leith thuasluaite, ní mór d'iarrthóirí ar Chatagóir Tástála Bus (D) & Trucaile (C) an méid seo a leanas a thabhairt leo freisin:
- Ceadúnas Tiomána Éireannach iomlán reatha de Chatagóir B (nó ceann ó bhallstát den AE/LEE nó ón Eilvéis nó ón Úcráin) NÓ
- Ceadúnas Foghlaimeora Éireannach reatha Chatagóir C nó D (más infheidhme)
- Ceadúnas Tiomána Éireannach iomlán reatha de Chatagóir C nó D (nó ceann ó bhallstát den AE/LEE nó ón Eilvéis nó ón Úcráin) (más infheidhme)
Catagóir Tástála Scrúdú Cás-Staidéir CPC Bus nó Trucail