TÁSTÁIL TEOIRICE TIOMÁNA OIFIGIÚIL AN RSA
Maidir linne
Tá tú anseo: Baile » Eolas Ginearálta » Maidir linne
Maidir linne
Fáilte chuig seirbhís áirithinte oifigiúil na Tástála Teoirice Tiomána!
Tá eolas le fáil ar an suíomh gréasáin oifigiúil maidir le conas Tástáil Teoirice a chur in áirithe agus ullmhú chun Tástáil Teoirice a dhéanamh.
Maidir le Prometric
Tá an tseirbhís seo á reáchtáil ag Prometric Ireland Ltd. thar ceann an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA). Is in Baltimore, Maryland, SAM, atá ceanncheathrú Prometric, soláthróir iontaofa de thástáil theicneolaíocht-chumasaithe agus de réitigh mheasúnaithe.
Tá breis is 20 bliain taithí ag Prometric ar an bhforbairt tástála agus ar na réitigh seachadta tástála cearta a chur ar fáil do na heagraíochtaí is aitheanta ar fud an domhain.
Seirbhís ar ardchaighdeán á cur ar fáil thar ceann an RSA
Is féidir an Tástáil Teoirice Tiomána, Tástáil Teoirice CPC Tiománaí agus Tástáil Teoirice ADI a dhéanamh i mbreis is 40 Ionad Tástála i bPoblacht na hÉireann mar chuid de phróiseas tástála agus ceadúnaithe tiomána an RSA, ag tacú leis an Straitéis Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre.
Tá seirbhís na Tástála Teoirice Tiomána tiomanta do sheirbhís ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil do chustaiméirí.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le Prometric nó an RSA, tabhair cuairt ar:
Má theastaíonn cúnamh ginearálta, áirithintí agus faisnéis faoinár seirbhísí uait, breathnaigh ar an roinn Déan teagmháil linn ar an suíomh gréasáin seo.