Tástáil Teoirice Tiomána Oifigiúil an RSA
ESDS - Caighdeán Tiomána Seirbhísí Éigeandála
Tá tú anseo: Baile » Cuir do Thástáil Teoirice in Áirithe » ESDS – Caighdeán Tiomána Seirbhísí Éigeandála
Maidir le Tástáil Teoirice ESDS
Seasann ESDS do Chaighdeán Tiomána Seirbhísí Éigeandála – caighdeán tiomána do thiománaithe Seirbhísí éigeandála.
Is féidir le tiománaithe seirbhísí éigeandála ainmnithe a oibríonn do na heagraíochtaí seo a leanas a chruthaíonn Painéal ESDS (a raibh baint acu le forbairt an chaighdeáin) an tástáil a dhéanamh:
- An Garda Síochána
- Cumann na bPríomh-Oifigeach Dóiteáin
- An Stiúrthóireacht Náisiúnta Bainistíochta Dóiteáin agus Éigeandála
- Seirbhís Phríosúin na hÉireann
- Óglaigh na hÉireann
- Cosaint Shibhialta
- An Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil
- Garda Cósta na hÉireann
- Seirbhís Náisiúnta Otharcharranna Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Is féidir le tiománaithe atá ainmnithe ag na hEagraíochtaí Éigeandála Deonacha agus Príobháideacha an tástáil a dhéanamh chomh maith.
Céard é cuspóir ESDS?
Tá sé riachtanach cultúr de thiomáint shábháilte agus fhreagrach a chruthú chun an líon básanna agus taismeach ar bhóithre na hÉireann a laghdú.
Tá sé mar aidhm ag an gCaighdeán Tiomána Seirbhísí Éigeandála spiorad comhoibrithe, cúraim agus cúirtéise a fhorbairt agus a chothú i measc tiománaithe seirbhíse éigeandála. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag tiománaithe seirbhíse éigeandála ardchaighdeán tiomána a bhaint amach a thugann dea-shampla d'úsáideoirí bóithre eile.
Is é an phríomhaidhm atá leis an gcaighdeán tiomána seo dul chun tairbhe tiománaithe seirbhísí éigeandála agus úsáideoirí bóithre eile trí:
- Na rioscaí ar leith a bhaineann le feithiclí seirbhíse éigeandála a thiomáint a laghdú
- A chinntiú go bhfuil othair agus paisinéirí sábháilte agus compordach
- An dearcadh a chothú nár cheart go mbeadh gníomhartha a bhféadfadh bás nó gortú duine a bheith mar thoradh leo a bheith i gceist le freagairt d'éigeandáil
Dhá chéim shimplí chun do Thástáil Teoirice ESDS a chur in áirithe
Tabhair faoi deara gur ort féin atá an fhreagracht an chatagóir cheart den Tástáil Teoirice a chur in áirithe mar nach féidir é seo a athrú san ionad tástála.
Láithreacha na nIonad Tástála
Tá breis is daichead láthair ar fud Phoblacht na hÉireann inar féidir an Tástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh. Is féidir leat an tIonad Tástála a oireann duit a roghnú.
Tabhair faoi deara nach gá go mbeadh na hamanna coinne céanna ar fáil sna hIonaid Tástála ar fad – beidh tú in ann d'Ionad Tástála féin a roghnú agus féachaint ar na hamanna coinne atá ar fáil ann faoi láthair tríd an tseirbhís áirithinte ar líne.
Féach ar liosta iomlán de láithreacha agus seoltaí na n-ionad tástála: Léarscáil de Láithreacha Ionaid Tástála DTT (PDF, 3mb).
Tabhair faoi deara, mura dtugann tú aitheantas ceart leat nach mbeidh tú in ann an tástáil a dhéanamh agus nach bhfaighidh tú táille do thástála ar ais.
Ní mór d'iarrthóir an méid seo a leanas a chur ar fáil lá an scrúdaithe:
- Ríomhphost admhála na Tástála Teoirice ESDS
- Identification – All Passports (valid for international use only or up to maximum 24 months expired) nó Láncheadúnas Tiomána Éireannach in aon chatagóir nó ceann ó Bhallstát AE/LEE nó ón Eilvéis. Ní ghlacfar ach le doiciméid bhailí (níl an dáta caite) agus bhunaidh.
Riachtanas cead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána:
Ní mór duit a bheith in ann a chruthú gur náisiúnach den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis thú, nó go bhfuil cead cónaithe agat fanacht in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Léigh liosta iomlán na ndoiciméad ar féidir glacadh leo mar fhianaise ar chead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
- Chun Tástáil Teoirice ESDS a chur in áirithe, teastóidh an uimhir incháilitheachta atá curtha ar fáil ag Aonad ESDS uait.
- Cinntigh go leanann tú na treoracha go beacht nuair a bhíonn do chuid sonraí á n-iontráil agat i rith an phróisis áirithinte.
- Ní mór duit a chinntiú go n-úsáideann tú d'ainm iomlán mar atá le feiceáil ar d'Aitheantas nuair a bhíonn do thástáil á cur in áirithe agat.
- Ní mór go mbeadh litriú an ainm ar an aitheantas lena bhfuil do thástáil á cur in áirithe agat cosúil leis an litriú ar d'ainm ar an Aitheantas a chuirfidh tú ar fáil san ionad tástála.
- Ní mór do gach iarrthóir a aitheantas a chur ar fáil agus teastaíonn breis ID le haghaidh catagóirí tástála áirithe.
- Má theastaíonn Cúnamh nó roghanna áiseanna teanga uait, féach ar an roinn dar teideal Cúnamh/Tacaíocht Lá na Tástála .
- Tabhair faoi deara: Ní mór d'iarrthóirí úsáid a bhaint as seoladh in Éirinn nuair a bhíonn a scrúdú á sceidealú acu. Ní bheidh cead ag iarrthóirí a bhfuil úsáid bainte acu as seoladh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann chun a scrúdú a sceidealú tástáil a dhéanamh agus ní bhfaighidh siad a dtáille ar ais. (Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Foghlaimeora nó Ceadúnas Tiomána Éireannach, caithfidh iarrthóirí cruthúnas ar sheoladh i bPoblacht na hÉireann a sholáthar)
Nuair a bheidh na céimeanna atá riachtanach chun do Thástáil Teoirice Tiomána a sceidealú léite go cúramach agat, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus do thástáil a chur in áirithe i bhfíor-am agus deimhniú a fháil láithreach ar an scáileán agus ar ríomhphost/i litir.
Riachtanas cead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána:
Ní mór duit a bheith in ann a chruthú gur náisiúnach den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis thú, nó go bhfuil cead cónaithe agat fanacht in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Léigh liosta iomlán na ndoiciméad ar féidir glacadh leo mar fhianaise ar chead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.