CUIR DO THÁSTÁIL TEOIRICE TIOMÁNA IN ÁIRITHE, AGUS DÉAN ULLMHÚCHÁN AGUS ATHBHREITHNIÚ
Suíomh Tástála Teoirice Tiomána an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre Oifigiúil
Fáilte chuig láithreán gréasáin oifigiúil Tástála Teoirice Tiomána (DTT) an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA).
Anseo, aimseoidh tú eolas ar chonas Tástáil Teoirice Tiomána a chur in airithint, athsceidealú nó cealaigh do Thástáil, deimhnigh do choinne, iarraidh Tacaíocht/cúnamh Lá na Tástála, féach catagóirí na dTástálacha atá ar fáil, naisc chuig athbhreithnithe a cheannach agus eolas ginerálta faoi do Thriail Teoirice
An Nuacht is Déanaí

Gearrthóga Físeáin de Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil anois in Aip Foghlama DTT agus i Síntiús Ar Líne
Chun feabhas breise a chur ar ardáin foghlama na Tástála Teoirice Tiomána, tá gearrthóga físe de Theanga Chomharthaíochta na hÉireann curtha againn lenár Aip Foghlama DTT agus lenár síntiús ar líne anois.

Bí cúramach le haipeanna foghlama bréige – déan cinnte go bhfuil tú ag foghlaim ón t-aon Aip Oifigiúil Tástála Teoirice!
Ní féidir an t-ábhar oifigiúil athbhreithnithe ar an tástáil teoirice tiomána a cheannach ach tríd an siopa ar líne atá againn. Tabhair faoi deara, le do thoil, má dhéanann tú athbhreithniú ag baint úsáide as ábhar athbhreithnithe neamhoifigiúil, go bhfuil an baol ann nach n-éireoidh leat sa scrúdú mar nach ionann na ceisteanna agus na freagraí.

Tarracóirí agus an Tástáil Teoirice Tiomána – Freagraí ar do Cheisteanna
Foghlaim cén catagóir den Tástáil Teoirice Tiomána is infheidhme agus cad iad na topaicí a chaithfidh tú a bheith ar an eolas fúthu. Aimsigh na hábhair athbhreithnithe oifigiúla a chabhróidh leat ullmhú.