CINNTIGH GO DTUIGEANN TÚ AGUS CUIR IN ÁIRITHE DO
Tástáil Teoirice Tiomána: Gluaisteán nó Rothar

Tá tú anseo: Baile » Cuir do Thástáil Teoirice in Áirithe » Tástáil Teoirice Tiomána: Gluaisteán nó Rothar
Cuir do Thástáil Teoirice Tiomána in áirithe: Gluaisteán nó Rothar
Is muide an t-aon soláthraí d'ábhair oifigiúla athbhreithnithe atá faofa ag an RSA.
Trí na hábhair oifigiúla athbhreithnithe a úsáid beidh an seans is fearr agat pas a fháil sa tástáil an chéad uair. Is féidir leat síntiúis do thairseacha foghlama ar líne, leabhair agus CD-ROManna a cheannach ar Prometric Store.
Tabhair faoi deara, le do thoil, gurb ortsa atá an fhreagracht an chatagóir ceart um Thástáil Teoirice a chur in áirithe mar ní féidir é seo a athrú san Ionad Tástála.
Catagóirí Breise Tástála Teoirice
- Tástáil Teoirice CPC Tiománaí (Deimhniú um Inniúlacht Ghairmiúil) le haghaidh tiománaithe gairmiúla busanna agus trucailí
- Tástáil Teoirice ADI le haghaidh Teagascóirí Tiomána
- Tástáil Teoirice ESDS le haghaidh Oibrithe Seirbhísí Éigeandála
Láithreacha na nIonad Tástála
Tá breis is daichead láthair ar fud Phoblacht na hÉireann inar féidir an Tástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh. Is féidir leat an tIonad Tástála a oireann duit a roghnú.
Tabhair faoi deara nach gá go mbeadh na hamanna coinne céanna ar fáil sna hIonaid Tástála ar fad – beidh tú in ann d'Ionad Tástála féin a roghnú agus féachaint ar na hamanna coinne atá ar fáil ann faoi láthair tríd an tseirbhís áirithinte ar líne.
Féach ar liosta iomlán de láithreacha agus seoltaí na nIonad Tástála: Léarscáil de Láithreacha Ionaid Tástála DTT (PDF, 3mb).
Má theastaíonn cúnamh uait nó roghanna saoráidí teanga déan tagairt le do thoil dár Cúnamh/Tacaíocht Lá na Tástála .
Tabhair faoi deara, mura dtugann tú aitheantas ceart leat nach mbeidh tú in ann an tástáil a dhéanamh agus nach bhfaighidh tú táille do thástála ar ais.
Glacaimid le ceann de na foirmeacha aitheantais a leanas (Cóip chrua amháin - níl fótachóip/pictiúir aitheantais inghlactha):
- Cárta Seirbhisí Poiblí (le grianghraf)
- Pasanna (bailí le haghaidh úsáide idirnáisiúnta amháin nó suas go dtí uasmhéid 24 mí imithe in éag)
- Cárta Pas Éireannach (atá dóigh mhaith air)
- Cárta Aitheantais Náisiúnta ó Bhallstáit AE/LEE nó ón Eilvéis
- Ceadúnas foghlaimeora Éireannach catagóir B (Carr) nó catagóir A (Gluaisrothar) nó Láncheadúnas tiomána (bailí agus i riocht maith - bain úsáid as,le do thoil, an leathanach oifigiúil NDLS seo chun bailíocht do Cheadúnais nó Cead Foghlaimeora a sheiceáil)
Catagóir Tástála C & D
Chomh maith leis an riachtanas aitheantais a bhfuil sonraí ina leith thuasluaite, ní mór d'iarrthóirí ar Chatagóir Tástála Bus (D) & Trucaile (C) an méid seo a leanas a thabhairt leo freisin:
- Láncheadúnas Tiomána Éireannach reatha Chatagóir B (nó ó bhallstát AE/LEE nó ón Eilvéis)
NÓ
- Ceadúnas Foghlaimeora Éireannach reatha Chatagóir C nó D (más infheidhme)
- Láncheadúnas Tiomána Éireannach reatha Chatagóir C nó D (nó ó bhallstát AE/LEE nó ón Eilvéis)(más infheidhme)
Riachtanas cead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána:
Ní mór duit a bheith in ann a chruthú gur náisiúnach den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis thú, nó go bhfuil cead cónaithe agat fanacht in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Léigh liosta iomlán na ndoiciméad ar féidir glacadh leo mar fhianaise ar chead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
- Cinntigh go leanann tú na treoracha go beacht nuair a bhíonn do chuid sonraí á n-iontráil agat i rith an phróisis áirithinte.
- Ní mór duit a chinntiú go n-úsáideann tú d'ainm iomlán mar atá le feiceáil ar d'Aitheantas nuair a bhíonn do thástáil á cur in áirithe agat.
- Ní mór go mbeadh litriú an ainm ar an aitheantas lena bhfuil do thástáil á cur in áirithe agat cosúil leis an litriú ar d'ainm ar an Aitheantas a chuirfidh tú ar fáil san ionad tástála.
- Ní mór do gach iarrthóir a Aitheantas a chur ar fáil le roinnt catagóirí tástála a dteastaíonn breis ID lena n-aghaidh, féach ar Chéim 3: Seiceáil Riachtanais ID
- Má theastaíonn Cúnamh nó roghanna áiseanna teanga uait, féach ar an roinn dar teideal Cúnamh/Tacaíocht Lá na Tástála .
- Tabhair faoi deara: Ní mór d'iarrthóirí úsáid a bhaint as seoladh in Éirinn nuair a bhíonn a scrúdú á sceidealú acu. Ní bheidh cead ag iarrthóirí a bhfuil úsáid bainte acu as seoladh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann chun a scrúdú a sceidealú tástáil a dhéanamh agus ní bhfaighidh siad a dtáille ar ais. (Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Foghlaimeora nó Ceadúnas Tiomána Éireannach, caithfidh iarrthóirí cruthúnas ar sheoladh i bPoblacht na hÉireann a sholáthar)
Nuair a bheidh na céimeanna atá riachtanach chun do Thástáil Teoirice Tiomána a sceidealú léite go cúramach agat, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus do thástáil a chur in áirithe i bhfíor-am agus deimhniú a fháil láithreach ar an scáileán agus ar ríomhphost/i litir.
Riachtanas cead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána:
Ní mór duit a bheith in ann a chruthú gur náisiúnach den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis thú, nó go bhfuil cead cónaithe agat fanacht in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Léigh liosta iomlán na ndoiciméad ar féidir glacadh leo mar fhianaise ar chead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Cad iad na costais?
Ainm Scrúdú na Tástála Teoirice Tiomána (DTT) | Táille Tástála |
---|---|
BW (Carr/Tarracóir & Feithiclí Oibre) | €45.00 |
AM (Gluaisrothar/Móipéid) | €45.00 |