Tástáil Teoirice Tiomána RSA

Ábhar Athbhreithnithe Oifigiúil na Tástála Teoirice Tiomána

Ábhar Athbhreithnithe Oifigiúil ar an Tástáil Teoirice - Nuashonraithe do 2024

Is sinne an t-aon soláthraí d’ábhair athbhreithnithe oifigiúla RSA don Tástáil Teoirice Tiomána – Carr, Rothar, Bus nó Trucail agus Deimhniú um Inniúlacht Ghairmiúil Tiománaí.

Bí ar an eolas le do thoil go bhfuil méid áirithe aipeanna ábhar athbhreithnithe agus suíomhanna gréasáin ar fáil ar an margadh faoi láthair a bhfuil neamhoifigiúil agus neamhcheadúnaithe. 

Níl na haipeanna nó na láthráin gréasáin seo ceadúnaithe ag an RSA agus níl sé cuimsitheach i leith ceisteanna oifigiúla an DTT.

Is léir ó thaighde atá déanta nach n-éiríonn le roinnt iarrthóirí sa Tástáil Teoirice Tiomána má úsáideann siad ábhar neamhoifigiúil le linn dóibh a bheith i mbun ullmhúcháin.

An t-aon soláthraí d’ábhair athbhreithnithe oifigiúla RSA don Tástáil Teoirice Tiomána

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil roinnt aipeanna agus suíomhanna gréasáin neamhcheadúnaithe agus neamhoifigiúla ar an margadh faoi láthair le haghaidh ábhar athbhreithnithe. Níl ceadúnas ag an RSA ag na haipeanna agus na suíomhanna gréasáin seo agus níl na ceisteanna oifigiúla DTT iontu.

Is léir ó thaighde atá déanta nach n-éiríonn le roinnt iarrthóirí sa Tástáil Teoirice Tiomána má úsáideann siad ábhar neamhoifigiúil le linn dóibh a bheith i mbun ullmhúcháin.

Aip Foghlama Oifigiúil ar Android & iOS

Tugann an Aip Foghlama Tástála Teoirice Tiomána seo rochtain gan teorainn duit ar ábhar foghlama Oifigiúil na Tástála Teoirice Tiomána, agus déanann sí rianú ar do dhul chun cinn agus tú ag foghlaim.

  • Ar líne ag Siopa Slán Ar Líne Prometric
  • Cuir glaoch ar ár bhFoireann Seirbhísí d’Iarrthóirí ar 0818 606 106 (ráta Ísealghlao)
  • Siopaí maithe leabhar ar fud na tíre

Catagóir A & B

Ceisteanna agus Freagraí Oifigiúla na Tástála Teoirice Tiomána, Gluaisrothair, Gluaisteáin agus Feithiclí Oibre – Eagrán Bealtaine 2024 do chatagóirí Tástálacha Teoirice Tiomána A (Gluaisrothar) agus B (Carr agus Feithicil Oibre). Ar fáil le ceannach ag an Siopa Slán Ar Líne Prometric.

Catagóir C, D & CPC (BMT & TMT san áireamh)

Ba cheart d'Iarrthóirí Chatagóirí C, D, BMT, TMT ullmhú don tástáil trí úsáid a bhaint as Ceisteanna agus Freagraí Oifigiúla na Tástála Teoirice Tiomána, Trucail agus Bus (lena n-áirítear Céim 1 agus Céim 2 de CPC Tiománaithe) – Eagrán Bealtaine 2024. Ar fáil le ceannach ag Siopa Slán Ar Líne Prometric.

Catagóir C & D

Tá faisnéis shonrach do Iarrthóirí C & D sa leabhar seo agus tógann sé ar an eolas a fhaigheann tiománaí agus é ag déanamh Tástála Teoirice agus Praiticiúla Chatagóir B. Chomh maith leis an méid thuas, is féidir le hiarrthóirí C, D agus CD staidéar a dhéanamh ar an Leabhar Rialacha an Bhóthair de chuid an RSA agus lámhleabhair ghaolmhara, cosúil le Treoir Oifiúil DSA maidir le Busanna/Cóistí agus Feithiclí Earraí Troma a Thiomáint.

Tástálacha na Modúl Bus & Trucaile

Ceisteanna agus Freagraí Oifigiúla na Tástála Teoirice Tiomána, Trucail agus Bus (lena n-áirítear Céim 1 agus Céim 2 de CPC Tiománaithe) – Eagrán Bealtaine 2024 do chatagóirí Tástálacha Teoirice Tiomána C (Trucail), D (Bus) agus CD (Bus agus Trucail). Tá faisnéis shonrach do na Tástálacha Modúl Bus & Trucail sa leabhar seo, agus cabhróidh sé le hiarrthóirí tástáil teoirice modúlach a chríochnú go rathúil i gCatagóir C nó D. Ar fáil le ceannach ag an Siopa Slán Ar Líne Prometric.