CINNTIGH GO DTUIGEANN TÚ AGUS CUIR DO THÁSTÁIL TEOIRICE OIFIGIÚIL RSA IN ÁIRITHE
ADI - Teagascóir Tiomána Faofa

Tá tú anseo: Baile » Cuir do Thástáil Teoirice in Áirithe » ADI – Teagascóir Tiomána Faofa
Maidir leis an Tástáil Teoirice ADI
Tá próiseas cáilíochta curtha i bhfeidhm ag an RSA do dhuine ar bith ar mian leis a bheith ag obair mar theagascóir tiomána: bronnfar cáilíocht ADI orthu siúd a bhaineann na caighdeáin riachtanacha amach.
Is í Tástáil Teoirice ADI an chéad chéim de phróiseas cáilíochta ina bhfuil trí chéim ar fad. Is í an Tástáil Tiomána agus an Tástáil Cumais Teagaisc an dá chéim eile.
Ní mór go mbeadh do thástáil/do thástálacha cláraithe agat leis an RSA roimh do Thástáil Teoirice ADI a sceidealú ionas gur féidir uimhir uathúil incháilitheachta a eisiúint, atá riachtanach do phróiseas áirithinte na Tástála Teoirice ADI. Mura bhfuil sé sin déanta agat, déan teagmháil le hAonad ADI RSA.
Dhá chéim shimplí chun do Thástáil Teoirice ADI a chur in áirithe
Tabhair faoi deara, le do thoil, gurb ortsa atá an fhreagracht an chatagóir ceart um Thástáil Teoirice a chur in áirithe mar ní féidir é seo a athrú san Ionad Tástála.
Catagóirí Breise Tástála Teoirice
- Tástáil Teoirice Tiomána – Carr, Rothar, Bus nó Trucail
- Tástáil Teoirice CPC Tiománaí (Deimhniú um Inniúlacht Ghairmiúil) le haghaidh tiománaithe gairmiúla busanna agus trucailí
- Tástáil Teoirice ESDS le haghaidh Oibrithe Seirbhísí Éigeandála
Láithreacha na nIonad Tástála
Tá breis is daichead láthair ar fud Phoblacht na hÉireann inar féidir an Tástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh. Is féidir leat an tIonad Tástála a oireann duit a roghnú.
Tabhair faoi deara nach gá go mbeadh na hamanna coinne céanna ar fáil sna hIonaid Tástála ar fad – beidh tú in ann d'Ionad Tástála féin a roghnú agus féachaint ar na hamanna coinne atá ar fáil ann faoi láthair tríd an tseirbhís áirithinte ar líne.
Féach ar liosta iomlán de láithreacha agus seoltaí na n-ionad tástála: Léarscáil de Láithreacha Ionaid Tástála DTT (PDF, 3mb).
Tabhair faoi deara, mura dtugann tú aitheantas ceart leat nach mbeidh tú in ann an tástáil a dhéanamh agus nach bhfaighidh tú táille do thástála ar ais.
Ní ghlacfaimid ach le ceann amháin de na cineálacha aitheantais seo a leanas (Cóip chrua amháin - níl fótachóip/pictiúir aitheantais inghlactha):
- Cárta Seirbhisí Poiblí (le grianghraf)
- Pasanna (bailí le haghaidh úsáide idirnáisiúnta amháin nó suas go dtí uasmhéid 24 mí imithe in éag)
- Cárta Pas Éireannach (bailí fá choinne taisteal idirnáisiúnta, nach bhfuil caite agus atá dóigh mhaith air)
- Cárta Aitheantais Náisiúnta ó Bhallstáit AE/LEE nó ón Eilvéis
- Ceadúnas foghlaimeora Éireannach catagóir B (Carr) nó catagóir A (Gluaisrothar) nó Láncheadúnas tiomána (bailí agus i riocht maith - bain úsáid as,le do thoil, an leathanach oifigiúil NDLS seo chun bailíocht do Cheadúnais nó Cead Foghlaimeora a sheiceáil)
Polasaí Aitheantais
Mura dtugann tú an fhoirm riachtanach aitheantais leat, nó má tá tú déanach le haghaidh do choinne, ní cheadófar duit do thástáil a dhéanamh agus ní bhfaighidh tú do tháille ar ais.
Riachtanas cead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána:
Ní mór duit a bheith in ann a chruthú gur náisiúnach den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis thú, nó go bhfuil cead cónaithe agat fanacht in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Léigh liosta iomlán na ndoiciméad ar féidir glacadh leo mar fhianaise ar chead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
- Cinntigh go leanann tú na treoracha go beacht nuair a bhíonn do chuid sonraí á n-iontráil agat i rith an phróisis áirithinte.
- Ní mór duit a chinntiú go n-úsáideann tú d'ainm iomlán mar atá le feiceáil ar d'Aitheantas nuair a bhíonn do thástáil á cur in áirithe agat.
- Ní mór go mbeadh litriú an ainm ar an aitheantas lena bhfuil do thástáil á cur in áirithe agat cosúil leis an litriú ar d'ainm ar an Aitheantas a chuirfidh tú ar fáil san ionad tástála.
- Ní mór do gach iarrthóir a Aitheantas a chur ar fáil le roinnt catagóirí tástála a dteastaíonn breis ID lena n-aghaidh, féach ar Chéim 2: Seiceáil Riachtanais ID thuas.
- Má theastaíonn Cúnamh nó roghanna áiseanna teanga uait, féach ar an roinn dar teideal Cúnamh/Tacaíocht Lá na Tástála .
- Tabhair faoi deara: Ní mór d'iarrthóirí úsáid a bhaint as seoladh in Éirinn nuair a bhíonn a scrúdú á sceidealú acu. Ní bheidh cead ag iarrthóirí a bhfuil úsáid bainte acu as seoladh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann chun a scrúdú a sceidealú tástáil a dhéanamh agus ní bhfaighidh siad a dtáille ar ais.
Nuair a bheidh na céimeanna atá riachtanach chun do Thástáil Teoirice ADI a sceidealú léite go cúramach agat, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus do thástáil a chur in áirithe i bhfíor-am agus deimhniú a fháil láithreach ar an scáileán agus ar ríomhphost/i litir.
Riachtanas cead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána:
Ní mór duit a bheith in ann a chruthú gur náisiúnach den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis thú, nó go bhfuil cead cónaithe agat fanacht in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Léigh liosta iomlán na ndoiciméad ar féidir glacadh leo mar fhianaise ar chead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Cad iad na costais?
Ainm an Scrúdaithe do Theagascóir Tiomána Faofa (ADI) | Táille Tástála |
---|---|
Scrúdú ADI | €150.00 |