CINNTIGH GO DTUIGEANN TÚ AGUS CUIR DO THÁSTÁIL TEOIRICE OIFIGIÚIL RSA IN ÁIRITHE
CPC - Deimhniú um Inniúlacht Ghairmiúil Tiománaí
Tá tú anseo: Baile » Cuir do Thástáil Teoirice in Áirithe » CPC – Deimhniú um Inniúlacht Ghairmiúil Tiománaí
Maidir leis an Tástáil Teoirice CPC Tiománaí
Chun Bus agus/nó Trucail a thiomáint ar bhonn gairmiúil ní mór* go mbeadh pas faighte agat i dTástáil Teoirice Tiomána Chatagóir D Bus agus/nó Chatagóir C Trucail agus sa Tástáil Cás-Staidéir CPC Tiománaí a bhfuil eolas ina leith thíos, sular féidir leat iarratas a chur chuig an RSA chun do Thástáil Phraiticiúil CPC Tiománaí a dhéanamh.
Cuirfidh Tástáil an Mhodúil Bus (BMT) nó Tástáil an Mhodúil Trucaile (TMT) leis an Tástáil Teoirice iomlán Chatagóir C nó D a bheidh déanta ag an tiománaí cheana féin. Chun tástáil a chur in áirithe dhéanamh linn freisin.
*Má tá Láncheadúnas Tiomána agat a eisíodh roimh an 10 Meán Fómhair 2008 do Chatagóir D (Bus) agus roimh an 10 Meán Fómhair 2009 do Chatagóir C (Trucail) tá ‘Cearta Sealbhaithe’ agat agus tá tú i dteideal deimhniú CPC Tiománaí a fháil go huathoibríoch. Féach Aonad CPC RSA le haghaidh tuilleadh sonraí.
Tástáil Teoirice CPC Tiománaí – Céim 1
Clúdaítear an CPC Tiománaí – Céim 1 i dTástáil Teoirice Tiomána Chatagóir D Bus agus/nó Chatagóir C Trucail. Le haghaidh tuilleadh eolais agus treoracha maidir le conas na tástálacha seo a chur in áirithe, tabhair cuairt ar an roinn dar teideal Tástáil Teoirice Tiomána.
Cás-Staidéar CPC Tiománaí – Céim 2
Is é an CPC Tiománaí – Céim 2 an chéim dheireanach roimh do Thástáil Phraiticiúil Chatagóir D Bus agus/nó Chatagóir C Trucail. San áireamh i gCéim 2 den CPC Tiománaí tá 3 Chás-Staidéar a bhaineann leis an gcatagóir feithicle ar mian leat do Dheimhniú um Inniúlacht Ghairmiúil Tiománaí a fháil inti.
Trí Chéim Shimplí chun do Thástáil Teoirice CPC a Chur in Áirithe
Is muide an t-aon soláthraí d'ábhair oifigiúla athbhreithnithe atá faofa ag an RSA.
Má úsáideann tú na hábhair oifigiúla athbhreithnithe tá seans níos fearr ann go n-éireoidh leat pas a fháil sa tástáil an chéad uair. Is féidir leat síntiúis do thairseacha foghlama ar líne, leabhair agus CD-ROManna a cheannach.
Tá na táirgí ar fad á seachadadh in aisce anois agus tá lascaine eisiach 10% ar fáil nuair a úsáidtear an cód lánseiceála THEORY10.
Tabhair faoi deara gur ort féin atá an fhreagracht an chatagóir cheart den Tástáil Teoirice a chur in áirithe mar nach féidir é seo a athrú san ionad tástála.
Catagóirí Breise Tástála Teoirice
- Tástáil Teoirice Tiomána – Carr, Rothar, Bus nó Trucail
- Tástáil Teoirice ADI le haghaidh Teagascóirí Tiomána
- Tástáil Teoirice ESDS le haghaidh Oibrithe Seirbhísí Éigeandála
Láithreacha na nIonad Tástála
Tá breis is daichead láthair ar fud Phoblacht na hÉireann inar féidir an Tástáil Teoirice Tiomána a dhéanamh. Is féidir leat an tIonad Tástála a oireann duit a roghnú.
Tabhair faoi deara nach gá go mbeadh na hamanna coinne céanna ar fáil sna hIonaid Tástála ar fad – beidh tú in ann d'Ionad Tástála féin a roghnú agus féachaint ar na hamanna coinne atá ar fáil ann faoi láthair tríd an tseirbhís áirithinte ar líne.
Féach ar liosta iomlán de láithreacha agus seoltaí na n-ionad tástála: Léarscáil de Láithreacha Ionaid Tástála DTT (PDF, 3mb).
Tabhair faoi deara, mura dtugann tú aitheantas ceart leat nach mbeidh tú in ann an tástáil a dhéanamh agus nach bhfaighidh tú táille do thástála ar ais.
Glacfar le haon cheann de na cineálacha aitheantais seo:
- Cárta Seirbhísí Poiblí
- Passports (valid for international use, not expired and in good condition)
- Irish Passport Cards (valid for international use, not expired and in good condition)
- Cárta Aitheantais Náisiúnta ó Bhallstáit AE/LEE nó ón Eilvéis
- Ceadúnas Foghlaimeora Chatagóir B (Carr) nó Chatagóir A (Gluaisrothar) nó Láncheadúnas Tiomána Éireannach
Catagóir Tástála C & D
Chomh maith leis an riachtanas aitheantais a bhfuil sonraí ina leith thuasluaite, ní mór d'iarrthóirí ar Chatagóir Tástála Bus (D) & Trucaile (C) an méid seo a leanas a thabhairt leo freisin:
- Ceadúnas Foghlaimeora Éireannach reatha Chatagóir C nó D
- Láncheadúnas Tiomána Éireannach reatha Chatagóir C nó D (nó ó bhallstát AE/LEE nó ón Eilvéis)
- Láncheadúnas Tiomána Éireannach reatha Chatagóir B (nó ó bhallstát AE/LEE nó ón Eilvéis)
Riachtanas cead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána:
Ní mór duit a bheith in ann a chruthú gur náisiúnach den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis thú, nó go bhfuil cead cónaithe agat fanacht in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Léigh liosta iomlán na ndoiciméad ar féidir glacadh leo mar fhianaise ar chead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
- Cinntigh go leanann tú na treoracha go beacht nuair a bhíonn do chuid sonraí á n-iontráil agat i rith an phróisis áirithinte.
- Ní mór duit a chinntiú go n-úsáideann tú d'ainm iomlán mar atá le feiceáil ar d'Aitheantas nuair a bhíonn do thástáil á cur in áirithe agat.
- Ní mór go mbeadh litriú an ainm ar an aitheantas lena bhfuil do thástáil á cur in áirithe agat cosúil leis an litriú ar d'ainm ar an Aitheantas a chuirfidh tú ar fáil san ionad tástála.
- Ní mór do gach iarrthóir a Aitheantas a chur ar fáil le roinnt catagóirí tástála a dteastaíonn breis ID lena n-aghaidh, féach ar Chéim 3: Seiceáil Riachtanais ID
- Má theastaíonn Cúnamh nó roghanna áiseanna teanga uait, féach ar an roinn dar teideal Cúnamh/Tacaíocht Lá na Tástála .
- Tabhair faoi deara: Ní mór d'iarrthóirí úsáid a bhaint as seoladh in Éirinn nuair a bhíonn a scrúdú á sceidealú acu. Ní bheidh cead ag iarrthóirí a bhfuil úsáid bainte acu as seoladh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann chun a scrúdú a sceidealú tástáil a dhéanamh agus ní bhfaighidh siad a dtáille ar ais. (Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Foghlaimeora nó Ceadúnas Tiomána Éireannach, caithfidh iarrthóirí cruthúnas ar sheoladh i bPoblacht na hÉireann a sholáthar)
Nuair a bheidh na céimeanna atá riachtanach chun do Thástáil Teoirice Tiomána a sceidealú léite go cúramach agat, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh agus do thástáil a chur in áirithe i bhfíor-am agus deimhniú a fháil láithreach ar an scáileán agus ar ríomhphost/i litir.
CATAGÓIR | TÁILLE |
---|---|
CPC Bus or CPC Truck | €72.00 |
Riachtanas cead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána:
Ní mór duit a bheith in ann a chruthú gur náisiúnach den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis thú, nó go bhfuil cead cónaithe agat fanacht in Éirinn le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.
Léigh liosta iomlán na ndoiciméad ar féidir glacadh leo mar fhianaise ar chead cónaithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána.