Tabhair leat an chóip bhunaidh de do chárta aitheantais ar Lá na Tástála
Chun do lá Tástála Teoirice a dhéanamh chomh réidh agus is féidir, tá roinnt pointí tábhachtacha le bheith ar an eolas fúthu. Ceann acu seo ná a chinntiú go dtugann tú an doiciméad aitheantais bunaidh leat – ní fótachóip ná grianghraf de mar ní ghlacfar leo seo.
- Nuair a shroicheann tú an tIonad Tástála do do Thástáil Teoirice Tiomána iarrfar d’aitheantas ort – féach an liosta thíos le do thoil le haghaidh a bhfuil inghlactha.
- Tabhair faoi deara, mura dtugann tú aitheantas ceart leat nach mbeidh tú in ann an tástáil a dhéanamh agus nach bhfaighidh tú táille do thástála ar ais.
- Iarraimid ort teacht 30 nóiméad roimh am do thástála le go mbeidh tú in ann clárú isteach.
Gan fótachóipeanna ná grianghraif aitheantais!
Ní ghlacfaimid ach le ceann amháin de na cineálacha aitheantais seo a leanas (cóip chrua amháin – ní ghlactar le fótachóip/pictiúir den aitheantas):
- Cárta Seirbhisí Poiblí (le grianghraf)
- Pas (bailí fá choinne taisteal idirnáisiúnta amháin nó uasmhéid de dhá mhí déag as feidhm)
- Cárta Pas Éireannach (atá dóigh mhaith air)
- Cárta Aitheantais Náisiúnta ó Bhallstáit AE/LEE nó ón Eilvéis
- Ceadúnas foghlaimeora Éireannach catagóir B (Carr) nó catagóir A (Gluaisrothar) nó Láncheadúnas tiomána (bailí agus i riocht maith - bain úsáid as,le do thoil, an leathanach oifigiúil NDLS seo chun bailíocht do Cheadúnais nó Cead Foghlaimeora a sheiceáil)
- Doiciméad Taistil Éireannach (le haghaidh tuilleadh eolais féach an Láithreán Gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh)
- Ceadúnas tiomána reatha Úcráin
Catagóir Tástála C & D
Chomh maith leis an riachtanas aitheantais a bhfuil sonraí ina leith thuasluaite, ní mór d'iarrthóirí ar Chatagóir Tástála Bus (D) & Trucaile (C) an méid seo a leanas a thabhairt leo freisin:
- Ceadúnas Tiomána Éireannach iomlán reatha de Chatagóir B (nó ceann ó bhallstát den AE/LEE nó ón Eilvéis nó ón Úcráin)
NÓ
- Ceadúnas Foghlaimeora Éireannach reatha Chatagóir C nó D (más infheidhme)
- Ceadúnas Tiomána Éireannach iomlán reatha de Chatagóir C nó D (nó ceann ó bhallstát den AE/LEE nó ón Eilvéis nó ón Úcráin) (más infheidhme)
Ceisteanna Coitianta (CCanna)
Question and answer here – can be a reworking of the above text that reiterates what is and is not acceptable as ID, and what will happen if you don’t comply – you will waste your own time and money, have to rebook etc.