TÁSTÁIL TEOIRICE TIOMÁNA OIFIGIÚIL AN RSA
Coróinvíreas (COVID-19) agus an Tástáil Teoirice Tiomána
Tá tú anseo: Baile » Eolas Covid-19
Coróinvíreas (COVID-19) agus an Tástáil Teoirice Tiomána
Prótacail Sábháilteachta Breise
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil roinnt prótacal breise curtha leis againn san Ionad Tástála Teoirice Tiomána chun achar sóisialta sábháilte agus bearta sábháilteachta eile a cheadú idir iarrthóirí agus baill foirne:
- Moltar do gach iarrthóir masc/clúdach aghaidhe a chaitheamh i gcónaí in Ionad Tástála Teoirice Tiomána. Is riachtanas é seo a mholtar chun iarrthóirí agus baill foirne a chosaint.
- Beidh cead ag iarrthóirí lámhainní a chaitheamh freisin.
- Ní chuirfear maisc aghaidhe/clúdaigh, nó lámhainní ar fáil san Ionad Tástála.
- Má tá masc aghaidhe á chaithemah agat, iarrfar ort an masc a bhaint go sábháilte (go sealadach) chun d'aitheantas a fhíorú mar chuid den nós imeachta seiceála isteach.
- Beidh díghalrán láimhe ar fáil san Ionad Tástála
- Déanfar gach stáisiún oibre, taisceadán agus aon áit a mbíonn iarrthóirí i dteagmháil leo a ghlanadh go rialta chun glaineacht a chinntiú san Ionad Tástála agus na stáisiúin oibre aonair.
Ceisteanna Coitianta maidir le Seirbhísí a Atosú
Ní gá, ní gá d'iarrthóirí masc a chaithemah agus iad ag tástáil. Molaimid go gcaithfidh gach iarrthóir masc/clúdach aghaidhe i gcónaí in Ionad Tástála Teoirice Tiomána. Ní chuirfear maisc aghaidhe ar fáil san Ionad Tástála.
Is féidir Tástáil Teoirice Tiomána a chur in áirithe trínár Cuir do Thástáil Teoirice in Áirithe nó ar an teileafón ag 0818 606 106
Má bhraitheann tú tinn ar lá na tástála nó má tá comharthaí Covid-19 á thaispeáint agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar 0818 606 106 agus déanfar an tástáil a athsceidealú go dtí dáta níos déanaí saor in aisce. Please note: only one Covid-related reschedule is permitted per 8-week period.
Ba cheart dáta eile a bheith sannta duit cheana féin, seiceáil le do thoil ar do ríomhphost le haghaidh faisnéise faoi dháta coinne amach anseo. Mura bhfuil coinne faighte agat tabhair cuairt le do thoil ar theorytest.ie le haghaidh tuilleadh eolais nó déan teagmháil leis an tSeirbhís Tástála Teoirice Tiomána ag 0818 606 106.
Beidh díghalrán láimhe ar fáil ag gach Ionad Tástála.
Tabharfar treoir do chustaiméirí earraí pearsanta a chur i dtaisceadán. Glanfar gach taisceadán le ciarsúr frithbhaictéarach idir gach úsáid ag an iarrthóra. Coimeádfaidh custaiméirí seilbh ar an eochair taisceadáin agus ar an ID agus iarrtar orthu suíochán a ghlacadh san áit feithimh.
Tá bileoga eolais do chustaiméirí curtha in airde ar clár fógraí san Ionad Tástála, mar sin, ní bheidh ar chustaiméirí na doiciméid seo a láimhseáil a thuilleadh. Iarrfar ar chustaiméirí an ID (oscailte ar an leathanach pictiúir más pas é) a chur isteach sa phóca plaisteach a chuirtear ar fáil agus é a chur ar an deasc chun go mbeidh Riarthóir an Ionaid Tástála ábalta é a iniúchadh.
Beidh córas aontreo iontrála agus imeachta ag Ionaid Tástála Teoiricie nuair is féidir chun teagmháil idir iarrthóirí agus an fhoireann a íoslaghdú.
Féadfaidh custaiméirí lámhainní agus/nó clúdach aghaidhe a chaitheamh le linn do choinne san Ionad Tástála, ach ní mór iad seo a thabhairt leat chuig an Ionad Tástála.
Ní chuirfear maisc aghaidhe/clúdach nó lámhainní ar fáil san Ionad Tástála. Iarrfar ort an masc a bhaint go sábháilte (go sealadach) chun d'aitheantas a fhíorú mar chuid den nós imeachta seiceála isteach.
Moltar do gach custaiméir clúdach aghaidh a chaithemah i gcónaí in Ionad Tástála Teoirice Tiomána chun an timpeallacht is sábháilte agus is féidir a chinntiú do chustaiméirí agus don fhoireann.
Beidh díghalrán láimhe ar fáil san Ionad Tástála, ag stáisiúin tástála agus pointí teagmhála eile do chustaiméirí. Déanfar stáisiúin tástála, taisceadáin agus gach limistéar teagmhála a ghlanadh go rialta.