Déan do Thástáil Teoirice CPC Tiománaithe ag Ionad Tástála

Tástáil Teoirice CPC Tiománaithe - Ionad Tástála Aitiúil

Tástáil Teoirice CPC Tiománaithe - Ionad Tástála Aitiúil

Má theastaíonn cúnamh uait (ISL, Tacaíocht Disléicse srl) nó roghanna saoráidí teanga féach ar ár suíomh le do thoil Cúnamh/Tacaíocht Lá na Tástála .

Déan do Thástáil a Sceidealú

Molaimid duit an cárta aitheantais céanna a úsáid chun d’áirithint a chruthú agus an ceann a chuireann tú i láthair ag an ionad Tástála, chun aon neamhréireachtaí idir ainmneacha trasna cártaí aitheantais éagsúla a sheachaint.

Más gá duit na hathruithe seo a leanas a dhéanamh ar lá do thástála, beidh ort táille €15 a íoc ar an bhfón:

  • Céadainm iomlán, sloinne iomlán, athrú iomlán céadainm agus sloinne.
  • Athruithe ar ainm os cionn trí charachtar, lena n-áirítear an chéad ainm agus an sloinne

Nuair a bheidh na céimeanna go léir thíos léite agat, féadfaidh tú do thástáil a chur in áirithe in ionad Tástála atá áitiúil duit.

Don chatagóir seo, ar lá do thástála ní mór duit do Cheadúnas Tiomána iomlán, reatha de Chatagóir B a chur i láthair (Ballstát Éireann/AE/LEE nó an Eilvéis nó an Úcráin) nó Ceadúnas Tiomána/Ceadúnas Foghlaimeora iomlán reatha de Chatagóir C nó D (Ballstát Éireann/AE/LEE nó an Eilvéis nó an Úcráin).

Ní mór duit ceann de na cártaí aitheantais seo a leanas a thabhairt leat freisin chun do thástáil a dhéanamh. Cuir in iúl, le do thoil, cén cárta aitheantais breise a úsáidfidh tú le haghaidh áirithinte agus a chuirfidh tú i láthair ag an Ionad Tástála freisin (cóip chrua amháin - ní ghlactar le fótachóip/pictiúir den aitheantas):

Ní mór d'Uimhir Phearsanta (UPSP) a bheith ceart agus cláraithe duit.

Ní mór d'ainm agus do dháta breithe a bheith ceart agus de réir an aitheantais a chuireann tú i láthair

An gceadaíonn tú bailiú, próiseáil, úsáid agus stóráil do Shonraí agus d'Fhaisnéis Phearsanta?

Trí chliceáil ar an gcnaipe thíos, aistreofar chuig an suíomh áirithinte ar leith thú - fan le do thoil fad is a luchtóidh sé seo go hiomlán.