Tástáil Teoirice Tiománaí Tarracóra (Catagóir BW)
Chun do cheadúnas foghlaimeora a fháil chun tarracóir a thiomáint, ní mór duit an scrúdú a chomhlánú agus a rith don Tástáil Teoirice Gluaisteán/Tarracóra & Feithiclí Oibre (Catagóir BW).
Déanann an tástáil seo seiceáil ar d’eolas ar thopaicí ar nós:
- Rialacha an Bhóthair
- Dearcadh riosca
- Éicea-tiomána
- Feasacht ar ghuaise
- Iompar sábháilte tiomána
Tá an Tástáil Teoirice bunaithe ar ríomhaire agus furasta le húsáid. Nuair a éiríonn leat inti, eiseofar Teastas Tástála Teoirice duit. Tá sé seo bailí ar feadh suas le dhá bhliain agus cuireann sé ar do chumas ceadúnas foghlaimeora a fháil laistigh den tréimhse sin.
Conas ullmhú do do thástáil teoirice tiománaí tarracóra
Is féidir leat ullmhú do do thástáil ag baint úsáide as ár Ábhair Oifigiúil Athbhreithnithe atá ar fáil i réimse formáidí:
Tarracóirí agus an Tástáil Teoirice – Ceisteanna Coitianta

Chun do cheadúnas foghlaimeora a fháil chun tarracóir a thiomáint, ní mór duit an scrúdú a chomhlánú agus a rith don Tástáil Teoirice do Ghluaisteáin, Tarracóirí agus Feithiclí Oibre (Catagóir BW).
Is féidir leat ullmhú do do thástáil ag baint úsáide as ár Ábhair Oifigiúil Athbhreithnithe atá ar fáil i réimse formáidí:
Ní mór duit a bheith 16 bliana d'aois ar a laghad chun iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas foghlaimeora chun tarracóir a thiomáint. Is is féidir leat do Thástáil Teoirice a dhéanamh ag aois ar bith - ach ní bheidh do theastas pas bailí ach ar feadh dhá bhliain.