Chun moilleanna tástála a sheachaint, cinntigh le do thoil go bhfuil d'ainm agus UPSP cláraithe i gceart.
Mar chuid den phróiseas seiceáil isteach, déanfar d’ainm a bhailíochtú i gcoinne an aitheantais a chuireann tú i láthair ar lá na tástála.
Murab ionann d’ainm agus an aitheantas a cuireadh ar fáil, beidh ort teagmháil a dhéanamh le seirbhísí do chustaiméirí chun é seo a cheartú. D’fhéadfadh é seo moill fhada a chur ar thús do scrúdaithe.
Mura bhfuil an USPS a sholáthraíonn tú le linn do chlárúcháin don Tástáil Teoirice ceart, ní gheofar do thoradh agus tú ag déanamh iarratais ar cheadúnas foghlaimeora. D’fhéadfadh sé seo a bheith ina chúis le do thoradh a bheith neamhbhailí. Cinntigh le do thoil go bhfuil an USPS ceart agat agus tú ag clárú don Tástáil Teoirice.
Más gá duit d’ainm nó d’Uimhir Phearsanta (USPS) a nuashonrú roimh lá do Thástála, glaoigh ar 0818 606 106 le do thoil.