Tástáil Teoirice Tiomána Nuashonraithe do 2024
Tá athbhreithniú déanta ar an Tástáil Teoirice Tiomána agus cuireadh an leagan nuashonraithe i bhfeidhm an 1 Iúil 2024. Tá na hathruithe déanta chun feabhas a chur ar do thaithí le híomhánna nua agus feabhsaithe, ceisteanna nuashonraithe agus níos ábhartha maidir le sábháilteacht bóithre agus reachtaíocht. Déan cinnte go bhfuil tú ag foghlaim ón Ábhar Athbhreithnithe oifigiúil is déanaí.