New Rules for Learner Permit Holders
From November 2026 you will need to take a Driver Theory Test again if any of these following points apply.
From November 2026 you will need to take a Driver Theory Test again if any of these following points apply.
Preparing for the Driver Theory Test is an important step towards becoming a safe and confident driver. Choosing the right study tools—ones that match your learning style and fit your schedule—can significantly improve your chances of success.
Chun feabhas breise a chur ar ardáin foghlama na Tástála Teoirice Tiomána, tá gearrthóga físe de Theanga Chomharthaíochta na hÉireann curtha againn lenár Aip Foghlama DTT agus lenár síntiús ar líne anois.
Ní féidir an t-ábhar oifigiúil athbhreithnithe ar an tástáil teoirice tiomána a cheannach ach tríd an siopa ar líne atá againn. Tabhair faoi deara, le do thoil, má dhéanann tú athbhreithniú ag baint úsáide as ábhar athbhreithnithe neamhoifigiúil, go bhfuil an baol ann nach n-éireoidh leat sa scrúdú mar nach ionann na ceisteanna agus na freagraí.
Ní cheadaítear fótachóipeanna!
Foghlaim cén catagóir den Tástáil Teoirice Tiomána is infheidhme agus cad iad na topaicí a chaithfidh tú a bheith ar an eolas fúthu. Aimsigh na hábhair athbhreithnithe oifigiúla a chabhróidh leat ullmhú.
Tá athbhreithniú déanta ar an Tástáil Teoirice Tiomána agus cuireadh an leagan nuashonraithe i bhfeidhm an 1 Iúil 2024. Tá na hathruithe déanta chun feabhas a chur ar do thaithí le híomhánna nua agus feabhsaithe, ceisteanna nuashonraithe agus níos ábhartha maidir le sábháilteacht bóithre agus reachtaíocht. Déan cinnte go bhfuil tú ag foghlaim ón Ábhar Athbhreithnithe oifigiúil is déanaí.
Ní gá cóipeanna fisiciúla den deimhniú Pas a bheith ag ionaid NDLS a thuilleadh le haghaidh iarratais NDLS ar cheadúnas foghlaimeora. Má chaill tú do thuairisc Scóir, beidh rochtain ag gníomhairí NDLS ar leagan ar líne den toradh.
Tá an tIonad Tástála Teoirice Tiomána i Loch Garman tar éis oscailt arís i suíomh buan nua. Is é an seoladh nua ná Prometric Unit 2, Pierce Court, Paul Quay, Loch Garman Y35 K125
Chun moilleanna tástála a sheachaint, cinntigh le do thoil go bhfuil d'ainm agus UPSP cláraithe i gceart.